Physical Address
304 North Cardinal St.
Dorchester Center, MA 02124
Physical Address
304 North Cardinal St.
Dorchester Center, MA 02124
B’fhéidir go raibh tráth ann sna síscéalta go bhféadfá dul ón mbothán dóibe go dtí an teach bán, ón teach ceann tuí go dtí an teach ceann óir, ach is fada ó hinsíodh an scéal sin. Cibé rud is daonlathas ann is fada ó chonaiceamar aon rian de ar an taobh thiar den chuan mór.
Tá daoine saonta fós ag iarraidh teacht chucu féin ó bhuail Trumpa na bhFlaitheas ar an Harris eile sin thall i dtoghchán rí an domhain an tseachtain cheana. Tá a fhios ag gach duine anois cad ina thaobh gur bhuaigh an cuireata ar an mbanríon gan choróin, cé go raibh na saineolaithe céanna ag maíomh nach raibh scrimh chaol na hiongan bige eatarthu roimhe sin. Más dóigh le daoine fós gurb í an eacnamaíocht í, a éagana, is fírinne níos deimhne é gurb é an t-airgead é, a bhrealsúin.
Má bhuaileann an phingin ar an leathphingin i gcluiche an phóca ní mór é an t-amhras go mbuailfidh an billiúnaí ar an milliúnaí i gcluiche na vótála. Nó an zilliúnaí ar an trilliúnaí ach an oiread. Sorcas mór maoine agus speilpe as cuimse is ea toghcháin na Stát Aontaithe agus cé gur dóigh leis an saoránach bocht go bhfuil guth aige, ní broim dreancaide sa tséideáin gaoithe é suas is anuas leis na slaoda saibhris a scaiptear ar son an tsaoránaigh chéanna a cheannach.
Beidh a amhlachas céanna le feiceáil anseo sna seachtainí romhainn, ach ní bheidh chomh feiceálach. Ní maith le Paidí (mar a deireadh Enda Kenny) a chuid gustail a chur os comhair an tsaoil, ach ní fhágann sin nach mbeidh na cistí á líonadh ag páirtithe leasmhara de réir mar a oireann dóibh féin.
Tá difríocht shuaitheantasach amháin idir na toghcháin thall agus abhus, áfach, mura bhfuil na céadta eile féin. Toisc gur stát de chuid na samhlaíochta is ea an US dá lán, go háirithe dóibh siúd nach raibh sé de mhí-ádh orthu bheith ann, ní cúrsa iontais é go dtagann an t-aos samhlaíochta céanna amach aimsir vótála agus a nguth ar a gcliabh acu. Tá ina chleachtadh anois go bhfógródh amhránaithe is réaltaí scannán go ró-áirithe cén taobh lena mbaineann siad le súil is go leanfadh a lucht measa iad.
Ba dhóigh leat ar na daoine céanna go mbeadh cluas an phobail acu, go mbeadh greim acu ar phobal a muintire, go dtuigfeadh siad treo na gaoithe, go mblaisfeadh siad de shéire an tslua, ach dhealródh nach mar sin atá.
An bhfuil aon amhránaí is mó cáil nó is mó go n-éistear léi faoi láthair ná Taylor Swift? Thug sí a beannacht agus a cuid tacaíochta do Kamala Harris. An é go raibh Bruce Springsteen ag rince sa doircheacht nuair a dhein sé an rud céanna? Mura raibh riamh níos mó ná trí chorda den ghiotár ag Mick Jagger níorbh aon leithscéal é sin bheith ar an taobh contráilte den stair. Má bhí sí ar intinn Willie Nelson i gcónaí b’fhéidir nár mhiste dó dearmad a dhéanamh uirthi. Má chuaigh Leonardo de Caprio síos san Titanic aon uair amháin, nár dhóigh leat go mbeadh an ceacht foghlamtha aige? Murarbh fhéidir le Julia Roberts aithris lag féin a dhéanamh ar bhlas Éireannach, cén seans a bhí aici ar dhul amach ar intinn phobal Mheiriceá? Cá raibh cairde Jenifer Aniston nuair a bhí gá leo?
Ba léir gur laige guth na héigse ar son Harris ná anáil na mbilliúnaithe gan ainm (seachas Elon Musk) a líon mealbhóg agus spaga Trump le hór an tsaoil.
Ar a laghad in Éirinn is féidir le hiníon tabhairneora nó le mac fhir tacsaí cuid de na postanna is airde sa stát a bhaint amach. Go fóill.